Luggage_2

Bagáiste Seiceáilte Isteach

Ar chúiseanna sábháilteachta, tá sé toirmiscthe míreanna áirithe a thabhairt ar bhord aerárthaigh. Dá bhrí sin, léigh an liosta seo roimh eitilt

An liosta bagáiste sheiceáilte isteach d'earraí toirmiscthe

Ní ceadmhach do phaisinéirí na hearraí seo a leanas a iompar ina mbagáiste boilg:

Pléascáin agus substaintí agus gléasanna loiscneacha – pléascáin agus substaintí agus gléasanna loiscneacha is féidir a úsáid chun gortú trom a dhéanamh nó chun sábháilteacht an aerárthaigh a chur i gcontúirt, lena n-áirítear:

  • Armlón
  • Caipíní pléasctha
  • Maidhmitheoirí agus aidhníní
  • Mianaigh, gránáidí agus stóir mhíleata phléascacha eile
  • Tinte ealaíne agus cineálacha eile piriteicnice
  • Ceanastair ghiniúna deataigh agus cartúis ghiniúna deataigh
  • Dinimít, púdar gunna agus pléascáin phlaisteacha
  • Chun leagan inphriontáilte den liosta seo a fháil, cliceáil anseo - An Liosta Bagáiste Sheiceáilte Isteach d’Earraí Toirmiscthe