Security_image4

Slándáil Aerfoirt

Tá sábháilteacht agus slándáil ár gcuid custaiméirí agus paisinéirí ar an tosaíocht is mó atá againn in Aerfort Bhaile Átha Cliath

Slándáil Aerfort Bhaile Átha Cliath

Chun a chinntiú go bhfuil do thuras chomh socair agus is féidir agus chun moilleanna neamhriachtanacha a sheachaint, iarraimid ort aird ar leith a thabhairt ar ár nósanna imeachta slándála. Seiceálfar do bhagáiste láimhe agus do bhagáiste seiceáilte isteach araon le trealamh braite. Is féidir go ndéanfar cuardach láimhe orthu freisin. Déantar é sin chun a chinntiú nach bhfuil tú ag iompar aon substaintí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach ná aon mhíreanna a d’fhéadfadh riosca a chruthú do phaisinéirí, don fhoireann nó do shlándáil agus shábháilteacht an aerárthaigh.